Bhíomar ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i rith mhí an Mhárta. Bhí an oiread sin ar siúl don tseachtain speisialta seo. D’oibrigh na cailíní chomh dian sin chun Gaeilge a labhairt gach lá. Ghlac na cailíní páirt i gcéilí le Carmel. Léann siad do na naíonáin i nGaeilge freisin. Ghlac siad páirt i gciorcal cainte, tráth na gceist agus maidin caife. Seachtain thar cionn a bhí ann lán le Gaeilge.