Back to site

©2025. All rights reserved.
Crafted by Design Bricks.

Lá na bPancóga

Bhí rang a sé an-ghnóthach an tseachtain seo. Scríobhamar amach an t-oideas do phancóga agus leanamar gach céim go cúramach chun pancóga áille agus blasta a dhéanamh! Bhí an seomra ranga lán le díograis agus spraoi agus muid ag meascadh na gcomhábhar agus ag casadh na bpancóg ar an bpanna. Nuair a bhí siad réidh, chuireamar siúcra agus sú líomóide orthu agus bhaineamar an-taitneamh as!